Tá mé ag obair in earnáil na Gaelscolaíochta le naoi mbliana anuas. Tá cuid mhór staidéar déanta agam ar chúrsaí tumoideachais. Tá tuiscint agam ar phróisis shealbhú na tumtheanga agus tuigim an ról atá agam mar eiseamláir theanga do na páistí. Tuigim go gcaithfidh múinteoirí timpeallacht atá saibhír ó thaobh teanga de a chruthú agus a choinneáil, rud atá déanta go maith agam le naoi mbliana anuas. Sa Ghaeloideachas bíonn sé rí-thábhachtach ard-chaighdeán Gaeilge a bheith agat agus aithním an ról atá agam mar eiseamláir teanga. Is mór an tsuim atá agam sa teanga agus téim chuig ranganna cruinnis go minic chun snas agus blas a chur ar mo chuid Gaeilge féin. Mar gheall ar seo, déanaim mo sheacht ndícheall Gaeilge chruinn cheart a spreagadh ó na páistí a bhíonn faoi mo chúram, ní amhain sa chaint ach i bhfoirm scríofa fosta.
Yet to be added
Yet to be added
Yet to be added
Yet to be added
PreK, Kindergarten, 1st, 2nd, 3rd, 4th, 5th, 6th, 7th, 8th, Homeschool
English Language Arts, Balanced Literacy, Reading, Spelling, Math, World Languages, Phonics, Gaeilge